Feachtas é Blasta chun cartlann a dhéanamh d'oidis agus d'airnéisí bia atá i dtaisce ag teaghlaigh agus pobail ar fud na hÉireann a thugann léargas ar stair an oileáin le 150 bliain. An aidhm atá leis an tionscadal oidhreacht bia na tíre, atá tagtha anuas ó ghlúin go glúin nó le gairid a chruinniú a thugann léiriú ar ghnéithe éagsúla de stair, cultúr agus eispéireas na hÉireann.

I gcomhar le TG4, Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, fiosróidh an tionscadal ar leith seo na scéalta, an stair agus an béaloideas a bhaineann le hoidis bhaile agus airnéisí bia atá ag an bpobal ach tá do chúnamhsa uainn!

Cibé an oideas ar leith ó do sheanmháthair é le toirtín úll a dhéanamh nó seanleabhar Eacnamaíochta Baile, maistrigh nó seanspúnóg adhmaid ar baineadh an-úsáid aisti agus a bhfuil scéal ag baint leis, iarrtar ar dhaoine a bheith páirteach chun léargas ar leith a thabhairt ar stair agus ar bhéaloideas bia na hÉireann mar is léir dóibhsean é.

Arna Mhaoiniú Ag

Teidil Chreidiúna

Stiúrthóir an Tionscadail - Ciarán Deeney, Dave Clarke

Bainisteoir Pobail - Bríd Browne

Taighdeoir - Ann Ní Chiobháin

Taighdeoir - Lucinda Glynn

Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 - Laura Ní Cheallaigh

Teagmháil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann - Jonny Dillon

 

Video Production Dublin

Video Production Belfast

Video Production London

Irish Film Companies

Buíochas le:

An Dr.Máirtín Mac Con Iomaire, Críostóir Mac Cárthaigh, Darina Allen, Regina Sexton, Linda Ní Ghríofa, Loretta Ní Ghabháin, Maidhcí Mac Conmara, Lís Ní Dhálaigh, Trevor Ó Clochartaigh, Pádraic Ó Raighne, Dorothy Cashman. Dermot O’Hanlon, Ciaran Dooley, Dan Dalton, Erin Foley, Philip Cooper, Virtual Events Ireland.

Format distributed by Atlantic Formats