Image 1

Scálaí Cistine

"Má fhéachann tú ar eBay ní mór an luach atá ar na sean scálaí atá in úsáid againn sa chistin leis na mblianta. Ach tá siad an-luachmhar dar liomsa. I rith an dara cogadh domhanda i seomra suite mo shean máthar Mary Ellen Walsh née Martel bhí siopa beag aice sa Pasáiste Thoir inar dhíol sí plúr, tae agus siúcra agus is ar na scálaí seo a mheáigh sí na hearraí ar fad. Ansin d'úsáid mo mháthair na scálaí gach lá nuair a bheadh sí ag cócaireacht. Thar na blianta cailleadh cuid de na meáchain ach níor chuir sé sin stop léi. D’úsáid sí an trí mheáchain a bhí fágtha aice chun an meáchan a bhí ag teastáil uaithi a oibriú amach – próiseas cliste a d’úsáid an dhá thaobh den scála. Le déanaí, fuair mé na meáchain a bhí in easnamh agus úsáidim na scálaí go rialta anois. Anois ó am go ham féachaim ar scálaí nua-aimseartha, an ceann beag leictreonach ach go háirithe - scálaí snasta a théann isteach go néata sa tarraiceán ach siúlaim tharstu. B’fhearr liom mo shean-scálaí d’iarann teilgthe leis an tráidire cruanta atá lán de chuimhní agus de stair. Ní chuirfidh mé ar eBay go deo iad!"