

Leabhar Oideas agus Oideas lámhscríofa
Arna sheoladh ag RoseAnn Foley
"Ar seilf anseo sa mbaile i mBaile na nGall ins an Rinn, tá leabhar oideas a d’fhoilsigh an Royal Baking Powder Co I Nua Eabhrach le chéile I 1929. Anyone Can Bake is ainm don leabhar seo. Taoibh istigh den clúdach crua tá ainm agus seoladh mo máthar, mar a bhí aithne uirthi sular phós sí: Ena Walsh, Crooke Road, Passage East, Co Waterford. Tá dáta scríofa isteach aice co-maith 12th September 1948. Bhí sí an-óg ag an am. Ar an gclúdach cúl tá seoladh eile scríofa isteach a luann Brooklyn, New York. Níl fios agam cá bhfuair sí an leabhair. Taobh istigh den leabhair tá pictiúir daite de chácaí milse, scónaí, buns agus milseoga. Tá oideas ann do Ginger Bread ach ar leathanach scaoilte tá oideas lámhscríofa eile ag mo máthair, agus is oideas do Ginger Bread ata ann. Tá an dhá oideas beagnach mar an gcéanna ach amháin luann an leabhar molasses agus luann an oideas lámh-scríofa treacle. Dhéanfadh mo mháthair an Ginger Bread go minic agus chuirfeadh sí icing air, rud nach raibh sa leabhair. Is léir gur thaitin an t-oideas sinséir léi mar dhein sí é go rialta do m’athair agus muid-ne, a hiníonacha."