
Póstaer HB
Arna sheoladh ag RoseAnn Foley
"Baineann na póstaeir HB atá crochta againn sa chistin le tréimhse idir na 1970í agus deireadh na 80í. Ag an am bhí siopa beag ag mo thuismitheoirí, Ena agus Seosamh Ó Foghlú. Bhí gach rud ar fáil sa siopa seo go mór mhór uachtar reoite agus i rith an tsamhraidh bhí an-éileamh ar an uachtar reoite mar bhí an siopa gairid don trá. I ngach póstaer tá an Brunch le feiceáil. Sa chéad phóstaer cosnaíonn sé 4p. Sa dara agus sa tríú phóstaer, téann praghas an Brunch suas go dtí 12p agus ansin 13p. In éineacht leis an Brunch tá Pet Pops (1.5p), Flavour Raver (2p) agus Whiz Kid (3p) sa chéad phóstaer. Tá Banana Split sa chéad phóstaer chomh maith ar chostas 2p, ach athraíonn an t-ainm go Super Split sa dara phóstaer ar chostas 6p agus Orange Super Split sa tríú phóstaer ar chostas 7p. Sa dara phóstaer, tá siad níos spraíúla leis na hainmneacha mar shampla tá Wibbly Wobbly Wonder (7p), King Tang (5), Loop the Loop (5), Little Angel (4p) agus Little Devil (4p). Sa tríú phóstaer atá againn, feictear an ceann ba dhaora ag an am, an Cornetto, a chosain 20p. Ach is í an cheist atá agamsa inniu ná cad a tharla don Flavour Raver agus don Whiz Kid? "