


Uirlis chun turcaí a chócaráil os cionn na tine
Arna sheoladh ag Bairbre Ní Ógáin
"Tháinig sé seo ó theach m'fhir chéile. Chrochtaí é os cionn na tine nuair a bhí se óg (1960idí) agus chrochtaí an turcaí (nó gé, b'fhéidir?) as a bhun. Bhíodh eochair ann (níl sé ar fáil, faraor) chun é a thochras agus ansin rothlaíodh an turcaí de réir mar a chasadh an 'sprionga'. Chuireadh siad leathán galbhánaithe faoi, chun saill an turcaí a bhailiú. Thagadh na comharsana isteach agus dhéanadh siad sealaíocht ag casadh na huirlise."